Cláraigh chun fógraí ríomhphoist a fháil

Táirgeann Parlaimint na hEorpa seirbhís liostála leictreonaí saor in aisce lena bhféadfaidh tú fógraí a fháil go huathoibríoch trí ríomhphost nuair a chuirtear faisnéis nua le réimsí áirithe ar ár láithreán gréasáin. Cabhraíonn sé seo le tú a choinneáil ar an eolas faoi mhíreanna a mbeadh spéis agat iontu gan gá duit filleadh ar an láithreán gréasáin lena sheiceáil an bhfuil aon nuashonrú déanta.

Chun liostáil don tseirbhís seo, beidh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt. Ní bhainfear úsáid as an seoladh ríomhphoist ach amháin chun ar iarr tú a sholáthar duit nó chun rochtain a thabhairt duit ar do phróifíl liostálacha féin (ar féidir leat í a chosaint le pasfhocal).

D’fhéadfadh sé go n‑athródh an líon topaicí atá ar fáil tríd an tseirbhís liostála saor in aisce seo in imeacht ama, mar sin moltar duit a sheiceáil go tráthrialta féachaint an bhfuil aon roghanna breise ann.

Ar mhaith leat liostáil?

Má tá spéis agat fógraí ríomhphoist a fháil nuair a chuirtear faisnéis a bhaineann leis na topaicí atá roghnaithe agat leis an láithreán, liostáil agus déan do chuid roghanna.

Tá tú liostáilte cheana?

Is féidir leat cur le liostálacha nó iad a scriosadh aon uair a thograíonn tú é. Is féidir leat do Phróifíl Úsáideora a rochtain chun do sheoladh ríomhphoist a athrú, chun do chuid liostálacha a mhodhnú nó chun do sheoladh ríomhphoist a ghlanadh den tseirbhís.

An bhfuil cúnamh uait?

Má tá cúnamh uait nó má tá aon mholtaí agat faoin tseirbhís chun fógraí a thabhairt trí ríomhphost, déan teagmháil le webmaster@europarl.europa.eu

Cláraigh 

Logáil isteach